Oideachas Gairmiúil Cuntasaíochta
Tá an clár seo ailínithe lenár gcuspóirí gnó le go n-aithneofar é mar institiúid foghlama agus mar cheannaire i réimse na hearcaíochta cuntasaíochta/iniúchóireachta san earnáil phoiblí, agus cuireann sé tacaíochtaí airgeadais agus eile ar fáil do bhaill foirne shóisearacha.
Tá roinnt buntáistí agus tacaíochtaí le fáil ag lucht oiliúna nuair a thagann siad chun oibre leis an Oifig mar chuid dá gconradh. Seo a leanas na príomhghnéithe:
- cáilíocht mar chuntasóir gairmiúil trí aon cheann de na naoi gcomhlacht ainmnithe aitheanta cuntasaíochta
- conradh aon bhliain amháin atá ann i dtosach (faoi réir mheasúnú promhaidh sásúil) agus sé bliana eile chun an cháilíocht ghairmiúil a bhaint amach
- tacaíocht airgeadais le haghaidh ballraíocht mac léinn, léann agus scrúduithe
- tacaíocht bhreise le haghaidh cleachtadh do scrúduithe
- liúntas saoire le haghaidh staidéar agus scrúduithe
- socruithe solúbtha oibre chun ligean do bhaill foirne uaireanta an chloig a úsáid le haghaidh staidéir
- foráil le haghaidh oiliúint ar an láthair oibre ar cheapadh na mball foirne, le hiniúchóir le taithí, go hiondúil
- bonn cliant éagsúil, lena n-áirítear ranna rialtais, rialtóirí, gníomhaireachtaí Stáit, comhlachtaí oideachais agus sláinte.